Skip to main content
Diocesan coat of arms

Diocese of GalwayKilmacduagh & Kilfenora

Deoise na GaillimheChill Mhic Dhuach & Chill Fhionnúrach

Habemus Papam!

Published on 08/05/2025
News image
New Pope Sunset
Body

“I welcome with great joy the election of Robert Cardinal Prevost as Pope Leo XIV. As the 267th successor of St Peter, he has the onerous task of shepherding the Church throughout the world in these uncertain and turbulent times. His human and spiritual qualities, his experience of a variety of different church contexts, his missionary zeal and his Augustinian heritage will stand him in good stead. As the Pontifex – the great bridge builder – may he be a source of unity and harmony not just for people of faith but for all people of good will. On the balcony of St Peters, he echoed those words of St Augustine “For you I am a bishop; but with you I am a Christian!” Positioning himself as a fellow traveller with each and every Christian, he commits himself to serve the people of God in continuity with that ancient title of Popes “Servant of the Servants of God”. I pray and I ask all to pray for Pope Leo. Lord strengthen his faith, inspire his thoughts, guide his actions, and keep him ever in your love.”  – Bishop Michael

“Is le croí áthasach a chuirim fáilte roimh an Cairdinéal tofa, Robert Prevost, mar Phápa Leo XIV. Is eisean a bheidh an tasc trom air mar an 267ú comharba ar Naomh Peadar aoireacht a dhéanamh ar an Eaglais ar fud an domhain sa saol míchinnte agus achrannach seo. Beidh a thréithe dhaonna agus spioradálta, a thaithí i gcomhthéacsanna éagsúla san eaglais, a dhúthracht as cuimse agus a hoidhreacht Agaistíneach an-fhóinteach dó. Mar an Pontifex - an t-eadránaí mór le rá- go raibh sé mar fhórsa aontachta agus síochána, ní hamháin do dhaoine a chreideann i nDia ach do gach duine le dea-thoil. D’athluaigh sé focail Naomh Agaistín ar bhalcóin Naomh Peadar leis na focail “Is easpag mé daoibh; ach is libh atá mé mar Chríostaí!” Is leis na focail sin a léirigh sé a dhearcadh i dtaobh a bheith mar chomhthaistealaí le gach aon Chríostaí agus a thiomnaigh sé é féin do phobal Dé i leanúnachas le seanteideal na bPápaí "Searbhónta na Searbhóntaí Dé". Guím agus iarraim ar gach duine agaibh guí ar son Pápa Leo. A Thiarna, neartaigh a chreideamh, spreag a smaointe, treoraigh a ghníomhartha agus coimeád é faoi chúram do ghrá." - An tEaspag Micheál